Briotanach Og O L'Orient Lyrics & Tabs by Béal Tuinne

Briotanach Og O L'Orient

guitar chords lyrics

Béal Tuinne

Album : Live at St James' Church, Dingle akordeon guzikowy PlayStop

Míobhán na beatha i gcorrán géill an bháis
Féachann sé uaidh síos
Mairnéalach óg ´L'Orient

I ndreap' i bhfaillte Chíarra´.
Aréir in am mharbh na hoiche
Shúncáil a bhád - crachta ag carraig
Sa tsnámh 's suas éadan faille
Stop gallán é i gconair a éalaithe.
Gheal an la dhó ar ionad a thórraimh
Meangadh imearthach na dtonn ar chloch
Ag feitheamh lena thiteam síos
Céad troigh go scairbh dubh fiaclach.
A bhás! Nach neamhthrócaireach tú
Ar mhac baintrí trí chéad míle óna mham
É a sheas ceann cothaithe

A bhás! Nach neamhthrócaireach tú
Ar mhac baintrí trí chéad míle óna mham
É a sheas ceann cothaithe
A thuig agus a ghéill riamh do Chríost.
Lastuas de ar shleamhnán sléibhe
Bhí caoirigh ag méiligh, bhog sé láimh
Lig as fead glaice a chéas go gear
Ciuíneas na maidine ar Thúr Bhaile Dháith
Chuala aoire an teachtaireacht
B'fhios do siolla an bháis sa bhfead
Le cómh aoire agus téada réidh síos ar fad ar
Scáth an ghalláin chonaiceadar fear.
Anois nó ríamh, bhí misneach ar a thriall
Le téad thar a chom chuaigh duine acu
Troigh ar throigh amach ar spuaic
Dromchapallach carriage
In éadan na faille.
Fáisceann crobh ar chrobh anois
An máirnéalach ar crochadh ó ghéag an aoíre
Le neart fathaigh agus croí leon
Tugann sé leis é trasna
Trasna diaidh ar ndiaidh
Cúlaid troigh ar through ó ghob an bháis
Líonann deora buíochais súile an óg-fhir
Pógann sé dlúth an láimh a chuir Críost
Chun tearmann a thrócaire dúinn a thaispeáint.
Moltar i L'Orient go mór anocht
Gníomh na beirte fear ó Bhaile Reo
A chuaigh chomh dian i ndreap an bháís
Chun ainm na fhior- Éireannaigh a chomeád beo
Go deo.

Like us on Facebook.....
-> Loading Time :0.0065 sec